Gníomhartha 17:11An Bíobla Naofa 1981Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh. Féach an chaibidil |
Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.