Tharla an rud céanna in Iocoiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.
Lá na sabóide chuamar amach lasmuigh den gheata, cois abhann, áit a mheasamar a mbeadh láthair urnaithe na nGiúdach agus shuíomar fúinn ag caint leis na mná a bhí bailithe le chéile ann.
Ní túisce thit an oíche ná chuir na bráithre Pól agus Síleas chun siúil go Bearóia. Nuair a bhain siad Bearóia amach d'imigh siad leo go dtí sionagóg na nGiúdach.
Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.
Ach nuair a chuala Giúdaigh Theasaloinicé go raibh briathar Dé fógartha i mBearóia freisin ag Pól, tháinig siad i leith ag suaitheadh agus ag corraí an daoscarshlua.
Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas.
Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn.
Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d'ainneoin fhreasúra láidir.