Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: “Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n‑éirí an bóthar libh.”
D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”
Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é á cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite.
Dúirt Iónátán ansin le Dáiví: “Imigh faoi shíocháin. Maidir leis an mionn a mhionnaigh an bheirt againn in ainm an Tiarna, go raibh an Tiarna ina fhinné idir thusa agus mise, idir do shliochtsa agus mo shliochtsa go brach.”
Ansin ghlac Dáiví óna láimh a raibh tugtha aici chuige agus dúirt sé léi: “Imigh leat abhaile faoi shíocháin; féach, thug mé cluas duit, agus rinne mé mar a d'iarr tú.”