D'imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t‑asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t‑asal stollta ag an leon.
Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;
Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn a sheolann chun na cathrach. D'oscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, d'imigh an t‑aingeal as a radharc.
Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t‑aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha.
Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.
Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.
Nuair a d'oscail sé an séú séala, d'fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,