Gníomhartha 16:17An Bíobla Naofa 1981Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” a deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe á fhógairt acu daoibh.” Féach an chaibidil |
Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?”