Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.
Bheartaíomar dá bhrí sin nár mhiste dúinn teacht le chéile agus teachtaí a thoghadh agus iad a chur chugaibh in éineacht lenár mbráithre ionúine Pól agus Barnabas,
Agus nuair a tháinig siad go Iarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus d'eachtraigh siadsan dóibh a mhéid a bhí déanta ag Dia tríothu.
Ag gabháil dóibh ó bhaile go baile, thug siad don phobal na reachta a bhí déanta ag na haspail agus ag na seanóirí in Iarúsailéim agus dúirt leo iad a choimeád.
Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird.
Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.
Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a d'fhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh.