Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.
Nuair a chonaic a máistri, áfach, go raibh deireadh lena súil le brabach, rug siad ar Phól agus ar Shíleas agus tharraing isteach i gcearnóg an bhaile iad os comhair na n‑uachtarán.
Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.
Fágaim sibh anois faoi choimirce Dé agus bhriathar a ghrásta atá in ann sibh a thógáil suas agus oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an phobail naofa go léir.
Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.