nach ndéanfaidh tusa aon dochar dúinn, faoi mar nach ndearnamarna riamh aon díobháil duit ach bhíomar i gcónaí cineálta leat agus chuireamar chun siúil tú faoi shíocháin. Anois tá beannacht an Tiarna ort.”
D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.
Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: “Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n‑éirí an bóthar libh.”
Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugamsa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.