An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéarleanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada le Féinice agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin.
Ach bhí daoine áirithe orthu - Ciprigh agus Cuiréanaigh ba ea iad - agus nuair a bhain siad Aintíoch amach thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dea-scéal an Tiarna Íosa dóibh.
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.
Ag gabháil dóibh ó bhaile go baile, thug siad don phobal na reachta a bhí déanta ag na haspail agus ag na seanóirí in Iarúsailéim agus dúirt leo iad a choimeád.
Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird.