Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 15:18

An Bíobla Naofa 1981

Is é an Tiarna atá á rá seo agus tá eolas orthu le fada an lá.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé; taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair! Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht? Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn!

Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair, gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin: Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré, nó cé a d'fhoilsigh é ag an am? An ea nach mise, an Tiarna, a rinne? Níl aon dia eile ann ach mé féin, Dia cóir agus Fuascailteoir; níl dada eile ann ach mise amháin.

ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadóm agus na náisiúin uile arb é m'ainmse atá orthu a ghabháil,” a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch.

Ach lá ar leith a bheidh ann - mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche.

Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?

agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: “Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.”

Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.

Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann,

Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,

Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair.

agus leagan amach an rúin a léiriú do chách. Bhí an rún seo folaithe leis na cianta i nDia a chruthaigh gach a bhfuil ann,

Tá sé d'fhiacha orainne bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint san fhírinne.

Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa

Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.

“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí