D'fhan an slua go léir ina dtost, agus d'éist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach.
Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d'eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d'oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh.
Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d'aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir.
Agus nuair a tháinig siad go Iarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus d'eachtraigh siadsan dóibh a mhéid a bhí déanta ag Dia tríothu.