Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d'eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d'oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh.
D'fhan an slua go léir ina dtost, agus d'éist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach.
Cuirim i gcás má bhíonn an eaglais cruinnithe i gceann a chéile agus iad go léir ag labhairt i dteangacha agus go dtagann tuataí nó díchreidmhigh isteach, nach é a déarfaidh siad gur as bhur meabhair atá sibh?
Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.
Agus déanaigí guí orainne chomh maith, a iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós é an rúndiamhair sin faoi deara dom bheith i ngéibheann,