agus tar éis dóibh an briathar a chraobhscaoileadh i bPeirgé chuaigh siad síos go hAtailia
agus bhí an oiread sin daoine cruinnithe ann nach raibh slí ann fiú amháin timpeall an dorais, agus bhí sé ag labhairt an bhriathair leo.
de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;
Chuaigh Pól agus a bhuíon chun farraige ó Phafos agus tháinig siad go Peirgé i bPaimfile. D'fhág Eoin ansin iad agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim.
le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.