Ach nuair a tháinig na deisceabail ina thimpeall, d'éirigh sé ina sheasamh agus chuaigh ar ais isteach sa chathair. An lá dár gcionn d'imigh sé féin agus Barnabas leo go Deirbé.
agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh Críostaithe ar na deisceabail.
Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost agus d'aithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. “Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,” ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile.
ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”
Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair.
Nuair a mhaolaigh ar an rírá, chuir Pól fios ar na deisceabail agus tar éis comhairle a thabhairt dóibh d'fhág sé slán acu agus d'imigh leis go dtí an Mhacadóin.
Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.