Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, d'ardaigh siad a nglór, á rá i dteanga na Lucaóine: “Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.”
Agus sagart Shéas, a bhfuil a theampall lasmuigh den bhaile, thug sé féin agus an pobal tairbh agus bláthfhleasca go dtí na geataí d'fhonn íobairt a dhéanamh.
Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: “A mhuintir Eifeasas,” ar seisean, “an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Airtimis Móire agus ar a híomhá a thit ó neamh?