Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 14:1

An Bíobla Naofa 1981

Tharla an rud céanna in Iocoiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon.

Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile.

Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?

Bhí lámh Dé leo san obair agus is iomaí duine a ghlac an creideamh agus a d'iompaigh chun an Tiarna.

Agus nuair a scoir an comhthionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.

Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.

Ar shroichint Shalamais dóibh, d'fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.

Chroith siadsan an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocoiniam.

Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocoiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad á cheapadh go raibh sé marbh.

Na Giúdaigh nár ghlac an creideamh, áfach, ghríosaigh siad na págánaigh agus chlaon siad a n‑aigne i gcoinne na mbráithre.

Tar éis dóibh an dea-scéal a fhógairt sa bhaile sin agus mórán deisceabal a dhéanamh, d'fhill siad arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocoiniam agus Aintíoch,

Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair.

Bhí ardmheas ag bráithre Liostra agus Iocoiniam ar Thiomóid

Mar sin de chreid a lán acu agus cuid mhaith de na Gréagaigh chéimiúla, idir fhir agus mhná.

Dá chionn sin bhíodh sé ag plé sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis an mhuintir dhiaganta, agus ag plé gach lá i gcearnóg an bhaile leo siúd a tharlaíodh a bheith ann.

Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.

Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh.

Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.

Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.

Fuair gach duine in Eifeasas, idir Ghiúdach agus Ghréagach, eolas ar an scéal seo agus chuir sé uafás orthu go léir, ar shlí gur móradh ainm an Tiarna Íosa.

Thug Pól trí mhí ag dul isteach sa tsionagóg, ag labhairt go dána leis an bpobal, ag argóint agus ag áiteamh leo mar gheall ar ríocht Dé.

agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.

d'fhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa.

ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”

Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé.

Óir ní náir liom an dea-scéal, mar is é cumhacht Dé é chun slánú a thabhairt do chách a chreideann ann, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach chomh maith,

Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t‑aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air,

Ach fiú amháin Títeas a bhí le mo chois, ar a shon gur Ghréagach é, níor cuireadh iallach air a thimpeallghearradh

Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.

Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin - Críost an Uile agus é san uile ní.

Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m'angair, mar a d'éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí