Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 13:49

An Bíobla Naofa 1981

agus bhí briathar Dé á fhógairt go forleathan ar fud na tíre go léir.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ach ní túisce amuigh iad ná leath siad a cháil ar fud na tíre sin go léir.

Lean briathar Dé ag fás agus ag leathnú.

Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé.

Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.

Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo - agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad - mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.

De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.

Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí