Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh,
Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”
Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Chuamarna ar aghaidh go dtí an long agus seo chun siúil linn go dtí Asos, áit a rabhamar chun Pól a thógáil ar bord de réir mar a bhí socraithe aige - mar bhí sé féin le dul ann dá chois.
Dúirt mé ansin: ‘Cad atá le déanamh agam, a thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.’
Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.
Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí Acháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh.
Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,
Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin.