Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 13:39

An Bíobla Naofa 1981

agus gur trídsean a shaortar gach creidmheach ar na nithe uile nár fhéad dlí Mhaois é a shaoradh orthu.

Féach an chaibidil Cóip

40 Tagairtí Cros  

Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?

Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.

Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.

“Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta.

ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.

Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”

D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”

Dúirt sé leis: “Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.”

Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”

Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois, ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.

Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”

Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.

Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.

Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.

Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.

Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach oiread.

ach inár dtaobhna chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna,

Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost,

Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta,

Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?

Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost,

An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn

Iosrael, áfach, a bhí ag tóraíocht dlí fíréantachta, níor tháinig siad suas leis an dlí sin.

Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.

Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí”.

Mar is tríd an dlí a fuair mise bás i leith an dlí chun go mairfinn beo i leith Dé; céasadh ar an gcrois mé in éineacht le Críost

Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d'Abrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.”

Dearbhaím arís don uile dhuine a ndéantar timpeallghearradh air, go bhfuil sé de dhualgas air an dlí a choimeád ina iomláine.

Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.

Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal.

Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí