Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 13:36

An Bíobla Naofa 1981

Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcrích ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus d'imigh meathlú air.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”

Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.

Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.

San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna do Dhia leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar mo phobal Iosrael.’ ”

Agus nuair a bheidh deireadh le do ré agus go gcaithfidh tú dul ar shlí do shinsear, ardóidh mé do shíol i do dhiaidh, mac leat féin, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.

Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad, ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.

D'éag sé ansin i mbláth sonais a aoise, lán de laethanta, de shaibhreas, agus d'onóir. Tháinig a mhac Solamh i gcomharbacht air.

Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví, a athair, agus tháinig a mhac Aibíá i gcomharbacht air.

Chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsear, agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.

Ansin chuaigh Uiziá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i reilig na ríthe, mar dúradar: “Is lobhar é.” Tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.

Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.

Tugaim athair ar an morgadh, Agus máthair agus deirfiúr ar an gcruimh.

Luíonn siad le chéile sa chré, Agus brat cruimheanna orthu.

Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe

is ródhaor aige éiric a anama.

Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú.

Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.”

Chuir sé as oifig ansin é agus d'ardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh á rá: ‘Is é m'aithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’

“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n‑ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.

mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.

Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.” Agus leis sin shíothlaigh sé.

Agus thoiligh Sól lena dhúnmharú. An lá sin féin thosaigh géarleanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire.

Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo.

gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.

Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí