Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 13:13

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh Pól agus a bhuíon chun farraige ó Phafos agus tháinig siad go Peirgé i bPaimfile. D'fhág Eoin ansin iad agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí.

Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: “Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.”

ach bhí Pól á éileamh gan an fear seo, a thréig iad i bPaimfile in ionad dul i mbun oibre leo, a thabhairt leo mar chompánach.

Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh

Nuair a d'éirigh gaoth bhog aneas, mheas siad go raibh rite leo; thóg siad an t‑ancaire agus chun bealaigh leo cois cósta na Créite.

agus ansin trasna na farraige amach ón tSiléis agus ó Phaimfile nó gur thángamar i dtír i Míora i gcúige na Líce.

Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.

Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí