Agus dúradar leis: “Maireann Iósaef i gcónaí agus is rialtóir é ar chríocha uile na hÉigipte.” Agus tháinig suaitheadh croí air mar ní chreidfeadh sé iad.
Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo
“Bhí mé i gcathair Iopae ag guí,” ar seisean, “nuair a tháinig támhnéal orm, agus chonaic mé in aisling rud mar a bheadh braillín mór á ligean anuas ón spéir leis na ceithre cúinní. Tháinig sé fad liom
“Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,” arsa an t‑aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh. “Cuir umat do bhrat,” arsa an t‑aingeal arís leis, “agus lean mise.”
Bhí, i nDamaisc, deisceabal darbh ainm Anainias agus labhair an Tiarna in aisling leis: “A Anainias,” ar sé. “Teacht, a Thiarna,” d'fhreagair Anainias.
Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.