Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 12:25

An Bíobla Naofa 1981

Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d'fhill Barnabas agus Sól [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí.

D'fhan Pól agus Barnabas in Aintíoch, áfach, agus lean siad i dteannta a lán eile ag múineadh agus ag craobhscaoileadh scéal an Tiarna.

Ba mhian le Barnabas Eoin dá ngoirtí Marcas a thabhairt leo freisin,

Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef - Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”.

Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.

Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó.

Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.

Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí