Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.
Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”
Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”
Ag an am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus na Síodóine, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, d'iarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin.
Tar éis cúig lá tháinig an t‑ardsagart Anainias anuas go Céasaráia, é féin agus cuid de na seanóirí agus abhcóide darbh ainm Teartullas agus thug siad faisnéis don ghobharnóir in aghaidh Phóil.
Lá arna mhárach tháinig Aigripe agus Beirnicé faoi lánmhustar agus ghluais siad isteach i halla na dála, agus ceannasaithe an airm agus maithe na cathrach in éineacht leo. Ar ordú ó Fhéastas tugadh Pól isteach.