Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 12:19

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Héaród lorg air agus nuair nach raibh aon fháil air, scrúdaigh sé na gardaí agus d'ordaigh iad a chur chun báis. Ansin chuaigh sé síos ó Iúdáia go Céasaráia agus thug tamall ann.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

D'imigh rí Iosrael leis abhaile agus tháinig go dtí an tSamáir agus pus agus breall air.

D'ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d'fholaigh an Tiarna iad.

Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim

Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.

Nuair a bhí sé ina lá, bhí buairt nár bheag ar na saighdiúirí i dtaobh cad ba chor do Pheadar.

agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus d'fhág ceithre scuaid saighdiúirí á choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca.

An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin.

Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é á cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite.

D'imíomar linn an lá dár gcionn agus shroicheamar Céasaráia. Chuamar isteach i dteach Philib Soiscéalaí, duine den seachtar, agus d'fhanamar aige.

Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Céasaráia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann.

Chinn na saighdiúirí ar na príosúnaigh a mharú le heagla go snámhfadh aon duine acu i dtír agus éalú leis.

Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó go dtáinig sé go Céasaráia.

D'fhan Dáiví san fhásach, sna daingin, ar na sléibhte i bhfásach Zíf. Níor chuaigh aon stad ar Shól ó lá go lá, ach á chuardach, ach níor thug Dia ar láimh dó é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí