Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 12:17

An Bíobla Naofa 1981

Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost agus d'aithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. “Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,” ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois. Is é a thugann bia don ocrach. Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.

Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh, go n‑inseoidh mé a ndearna sé do m'anam.

Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.

Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.

Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.

Agus d'imigh sé leis arís sall thar Iordáin, go dtí an áit ina raibh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus d'fhan sé ann.

Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d'imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d'fhan sé ansiúd fara a dheisceabail.

Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.”

Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis.

Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.

Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d'éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair:

Lean Peadar air ag bualadh ar an doras agus nuair a d'oscail siad dó, chonaic siad é agus tháinig alltacht orthu.

Nuair a bhí sé ina lá, bhí buairt nár bheag ar na saighdiúirí i dtaobh cad ba chor do Pheadar.

D'éirigh Pól ina sheasamh, thug comhartha láimhe dóibh agus thosaigh ag caint: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “agus sibhse a bhfuil ómós agaibh do Dhia, éistigí liom.

Agus nuair a bhí deireadh ráite acu d'fhreagair Séamas agus dúirt: “A bhráithre, éistigí liomsa.

Ar fhágáil an phríosúin dóibh chuaigh siad go teach Lidia, áit a bhfaca siad na bráithre. Thug siad spreagadh dóibh agus d'imigh siad leo.

Srac siad Alastar amach as an slua, fear a raibh na Giúdaigh á shá chun tosaigh. Thug Alastar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost d'fhonn é féin a chosaint os comhair an tslua.

agus lá arna mhárach chuaigh Pól ar cuairt linn chuig Séamas. Bhí na seanóirí go léir i láthair.

Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus d'fhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo sa teanga Eabhra mar a leanas.

Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n‑airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach.

Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir.

ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.

Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe do bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siadsan thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla mhuintir an timpeallghearrtha.

Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.

Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí