Nuair a d'aithin sí guth Pheadair, le méid an áthais a bhí uirthi, in ionad an doras a oscailt, rith sí isteach ag fógairt dóibh go raibh Peadar ina sheasamh ag an doras.
Nuair a d'aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,
D'fhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal.
Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?”