Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 11:30

An Bíobla Naofa 1981

Rinne siad amhlaidh agus chuir siad Barnabas agus Sól go dtí na seanóirí leis an airgead.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Um an dtaca seo is ea d'imir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise.

Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d'fhill Barnabas agus Sól [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo.

Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.

Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.

Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis.

Agus nuair a tháinig siad go Iarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus d'eachtraigh siadsan dóibh a mhéid a bhí déanta ag Dia tríothu.

Tháinig na haspail agus na seanóirí i gceann a chéile chun an cheist seo a bhreithniú.

Ag gabháil dóibh ó bhaile go baile, thug siad don phobal na reachta a bhí déanta ag na haspail agus ag na seanóirí in Iarúsailéim agus dúirt leo iad a choimeád.

Chuir sé scéala ó Mhíléatas go hEifeasas dá bhrí sin á iarraidh ar sheanóirí na hEaglaise teacht chuige.

agus lá arna mhárach chuaigh Pól ar cuairt linn chuig Séamas. Bhí na seanóirí go léir i láthair.

Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef - Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”.

Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat, an tíolacadh a bronnadh ort nuair a labhair na fáithe leat agus nuair a leag na seanóirí a lámha ort.

Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc,

Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí d'fhinnéithe.

Is é fáth ar fhág mé i gCréit thú, go gcuirfeá ord agus eagar ar an obair a bhí fós le déanamh agus go gceapfá seanóirí i ngach baile de réir na dtreoracha a thug mé duit:

An bhfuil aon duine in bhur measc atá tinn? Cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus guídís os a chionn agus déanaidís é a ungadh le hola in ainm an Tiarna.

Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.

Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne,

Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí