Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 11:22

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Chuala na haspail agus na bráithre a bhí ar fud Iúdáia go raibh na págánaigh freisin tar éis briathar Dé a ghlacadh.

An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéarleanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada le Féinice agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin.

Ach bhí daoine áirithe orthu - Ciprigh agus Cuiréanaigh ba ea iad - agus nuair a bhain siad Aintíoch amach thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dea-scéal an Tiarna Íosa dóibh.

agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh Críostaithe ar na deisceabail.

Sna laethanta sin tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAintíoch.

Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.

Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.

agus tháinig i dtír i gCéasaráia. Ansin chuaigh sé suas (go Iarúsailéim) ag beannú don phobal naofa ann agus as sin síos go hAintíoch.

Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch.

Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin.

Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n‑aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc.

Rud eile de, nuair a tháinig Céafas go hAintíoch, chuir mé ina choinne lena bhéal mar bhí sé san éagóir.

Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. D'inis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libhse.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí