Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 10:7

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a d'imigh an t‑aingeal a bhí ag caint leis, ghlaoigh sé chuige beirt dá sheirbhísigh agus duine diaganta de na saighdiúirí a bhí faoina réir,

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Arna chlos sin do shearbhónta Abrahám, shléacht sé go talamh agus d'adhair sé an Tiarna.

Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.

D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”

Tá sé ar aíocht ag Síomón Súdaire a bhfuil a theach ar bhruach na farraige.”

d'aithris dóibh an scéal tríd síos agus chuir chun siúil go Iopae iad.

Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar. Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt.

ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.

Ach más eagal leat tabhairt faoi, beir do ghiolla Purá síos leat ar dtús,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí