Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 10:5

An Bíobla Naofa 1981

Agus anois, cuirse fir go Iopae ag triall ar Shíomón áirithe dar comhainm Peadar.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm,

Thug sé leis é chun Íosa. D'fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” - focal a chiallaíonn Carraig.

ag glaoch agus ag fiafraí an raibh Síomón dar chomhainm Peadar ar aíocht ann.

Cuir fios, dá bhrí sin, go Iopae ar Shíomón dar comhainm Peadar; tá sé ar aíocht i dteach Shíomóin Súdaire ar bhruach na farraige.’

Tar éis conspóide fada d'éirigh Peadar ina sheasamh agus labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéalsa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann.

Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: “Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.”

Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.

Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.

Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna.

D'fhan sé in Iopae ar feadh i bhfad fara súdaire darbh ainm Síomón.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí