mar chuala siad ag caint iad i dteangacha agus ag móradh Dé.
“Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m'ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua;
agus nuair a leag Pól a lámha orthu tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha agus ag déanamh tairngreachta.
idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos inár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”
agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.