Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh
agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig anuas leis ón nGailíl go Iarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail.
bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.
Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,
Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”
D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.