“Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d'urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol.
Tugadh sé í chun clann Árón, na sagairt. Tógadh sé dorn den phlúr agus den ola, agus an túis chumhra go léir, agus dódh an sagart an méid sin ar an altóir mar chuimhneachán, ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Tabharfaidh sé chun an tsagairt é, agus tógfaidh an sagart dorn de mar chuid chuimhnithe, agus an méid sin a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt dhóite don Tiarna. Íobairt pheaca í seo.
Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.
D'fhreagair Coirnéilias: “An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá m'urnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala.
Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.
Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia.
Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.
Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.