Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 10:23

An Bíobla Naofa 1981

D'iarr Peadar isteach iad, dá bhrí sin, agus thug aíocht dóibh. D'éirigh sé lá arna mhárach agus d'imigh sé lena gcois agus cuid de na bráithre ó Iopae ina theannta,

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d'éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair:

Dá chomhartha sin tháinig mise anseo gan cheist gan doicheall an túisce a cuireadh fios orm. Ceist agam oraibh dá bhrí sin: cad uime ar chuir sibh fios orm, fiafraím díbh?”

Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn - agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.”

Bhí alltacht ar na creidmhigh Ghiúdacha a bhí tagtha in éineacht le Peadar a fheiceáil gur doirteadh tabhartas an Spioraid Naoimh ar na págánaigh freisin,

Dúirt an Spiorad liom gan aon cheist a bheith orm ach imeacht lena gcois. Tháinig an seisear bráithre seo in éineacht liom agus chuamar isteach i dteach an fhir úd.

Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n‑airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach.

Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.

Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.

Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna.

Mar is é ár n‑aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.

ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh.

Cuirigí fáilte gan doicheall roimh a chéile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí