Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 10:16

An Bíobla Naofa 1981

Tharla sé seo trí huaire agus ansin tógadh an rud ar ais in airde sa spéir.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Is é cúis gur tháinig an taibhreamh faoi dhó go Forann mar go bhfuil an cúrsa cinnte cheana féin ag Dia, agus tá an-fhonn ar Dhia é a chur i gcrích.

Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé d'imigh sí ar shiúl uaim ansin,

Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”

Labhair an guth leis athuair: “An ní atá íonghlanta ag Dia ná tabhairse rud neamhghlan air.”

Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo

Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d'fhinnéithe.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí