agus labhair sé leo: “Tuigeann sibh go maith nach dleathach do Ghiúdaigh caidreamh a bheith acu le lucht cine eile, ná dul ar cuairt féin chucu. Thaispeáin Dia domsa, áfach, gan duine mínaofa ná neamhghlan a thabhairt ar neach ar bith.
ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n‑ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil.
sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachtaithe agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart á dhéanamh agaibh. Slán agaibh.”
Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é.
Ná cuirse obair Dé ar ceal mar gheall ar chúrsaí bia. Tá gach cineál bia glan ann féin ach is olc an mhaise é don duine a mbíonn a n‑itheann sé ina chúis tuisle do dhuine eile.
Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.