D'éirigh sé mar sin, agus d'ith sé agus d'ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.
Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!”
agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig anuas leis ón nGailíl go Iarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail.
Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.
Ansin thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla i láthair an Tiarna; dála na huaire roimhe sin, chaith mé daichead lá agus daichead oíche mar sin gan greim bia a ithe, ná bolgam uisce a ól, ar son an pheaca go léir a rinne sibh ag déanamh cionta is fuath leis an Tiarna, agus á ghriogadh chun feirge.
Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D'fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól.
do bhur spreagadh agus do bhur misniú, agus ag agairt oraibh bhur saol a thabhairt mar is dual de réir Dé atá ag glaoch oraibh isteach ina ríocht ghlórmhar féin.