Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 1:12

An Bíobla Naofa 1981

Ar ais leo ansin go Iarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide do Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.

Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh

Agus bígí ag guí nach in am an gheimhridh a bheidh oraibh teitheadh ná sa tsabóid,

Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”

Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg.

Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:

Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar Ola-Choill.

Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad.

Agus tar éis dóibh umhlú dó, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim agus áthas mór orthu,

Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí