Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 1:11

An Bíobla Naofa 1981

“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.

Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”

Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.

“Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.

Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir.

Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: “Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach tú ar ndóigh.”

Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.

Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire.

Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?

agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.

go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige.

ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd a tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí.”

Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d'ardaigh scamall as a radharc é.

agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig anuas leis ón nGailíl go Iarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail.

Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint?

Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo?

Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a d'fhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó.

agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis - an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.

mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost.

Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí