Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 9:9

An Bíobla Naofa 1981

“Féach, daingním mo Chonradh leatsa agus le do shíol i do dhiaidh;

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.

Ach daingneoidh mé mo chonradh leatsa. Téighse isteach san áirc, tú féin, do chlann mhac, do bhean, agus mná do mhac in éineacht leat.

agus mar an gcéanna le gach uile dhúil bheo dá bhfuil faraibh, an éanlaith, an t‑eallach, agus gach ainmhí allta atá faraibh, a dtáinig amach as an áirc, a bhfuil beo ar talamh.

Daingním mo Chonradh libh; go deo arís ní scriosfar an uile fheoil le huiscí díleann, ná ní bheidh go deo arís díle ann chun an domhan a scrios.”

Dúirt Dia le Naoi: “É seo comhartha an Chonartha a dhaingnigh mé idir mé agus an uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”

Dúirt Dia le Naoi agus lena chlann mhac:

“Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Dá bhféadfá mo chonradh lae a bhriseadh agus mo chonradh oíche ionas nach mbeadh lá ná oíche ina n‑am féin,

is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí