Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 9:5

An Bíobla Naofa 1981

Éileoidh mé cuntas ar fhuil bhur n‑anama; éileoidh mé é sin ó gach ainmhí agus ó gach duine. Éileoidh mé cuntas ar anam gach duine óna chomhdhuine.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

D'fhreagair Reúbaen: “Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!”

Nuair is ropairí a mharaigh fear ionraic ina theach féin, agus é sínte ar a leaba, nach mó go mór atá sé de dhualgas orm éiric a chuid fola a éileamh uaibhse, agus sibh a scrios de chlár na cruinne?”

Bíodh sé de chiall agat gan ligean dá cheann liath dul síos go Seol faoi shíocháin.

Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.

Ar an gcaoi sin rinne an rí Ióáis dearmad den bhuanghrá a bhí ag Iahóideá athair Zacairiá dó, ach mharaigh sé a mhac. Nuair a bhí seisean ag fáil bháis, dúirt sé: “Go bhfeice an Tiarna é seo agus go mbaine sé díoltas amach!”

Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh siad é ina theach.

Ach rinne muintir na tuaithe iad siúd a rinne comhcheilg in aghaidh an rí, Ámón, a chur chun báis agus d'fhógair siad a mhac Ióisíá ina rí ina áit.

Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin;

Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis.

Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.

An té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; agus an té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

Ach más amhlaidh a bhuail sé an duine le huirlis iarainn agus gur mharaigh; is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.

Má bhuail sé é le cloch, sás a mharaithe, ina láimh agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é; ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.

Nó más amhlaidh a bhuail sé é le harm maide, sás a mharaithe, agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.

nó má bhuail sé buille dhorn marfach air le holc, ansin ní foláir an té a bhuail an buille a chur chun báis; is dúnmharfóir é; ní foláir don díoltach fola é a chur chun báis nuair a bhuaileann sé leis.

chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.

Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann,

“Ach má bhíonn duine i bhfíoch lena chomharsa agus go dtéann in eadarnaí faoina chionn agus go n‑ionsaíonn é agus go ngoineann go marfach agus go bhfaigheann seisean bás, agus ansin go dteithfeadh sé féin i gceann de na bailte sin,

cuireadh seanóirí a chathrach féin fios ar an té sin agus beiridís leo é, agus tugaidís ar láimh fhear éiric na fola é le cur chun báis.

Rinne Dia ar an gcuma sin an choir a rinne Aibímeilic in aghaidh a athar, nuair a mharaigh sé a sheachtó deartháir, a agairt air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí