Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 9:3

An Bíobla Naofa 1981

Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh,

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Bíodh scéin agus eagla romhaibh ar na hainmhithe allta go léir, ar éanlaith an aeir go léir, ar gach a shníonn ar talamh, agus ar iasc na farraige go léir; faoi bhur lámha a cuireadh iad go léir.

Ainmhí a fuair bás uaidh féin, nó a stoll ainmhithe allta, ná hitheadh sé é; d'fhágfadh sin neamhghlan é. Mise an Tiarna.

Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é.

mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh.

Ná cuirse obair Dé ar ceal mar gheall ar chúrsaí bia. Tá gach cineál bia glan ann féin ach is olc an mhaise é don duine a mbíonn a n‑itheann sé ina chúis tuisle do dhuine eile.

An duine a itheann, ná bíodh drochmheas aige ar an duine nach n‑itheann; agus an duine nach n‑itheann, ná bíodh sé ag tabhairt breithe ar an duine a itheann, mar go bhfuil glactha ag Dia leis siúd.

“Tá gach ní ceadaithe.” Tá, ach ní hé gach ní a théann chun sochair. Tá gach ní ceadaithe ach níl gach ní fóinteach.

Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.

Ní miste duit áfach mar is mian leat, feoil a mharú agus a ithe in aon bhaile leat de réir mar a dheonaíonn an Tiarna do Dhia a bheannacht duit; ní cás do ghlan agus do neamhghlan í a ithe, amhail is ba ghasail nó fia í.

Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí