Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 9:23

An Bíobla Naofa 1981

Ansin thóg Séam agus Iáfat brat, chuir ar a slinneáin é, agus isteach leo i ndiaidh a gcúil agus d'fholaíodar baill nochta a n‑athar. Bhí a n‑aghaidh iompaithe uaidh i dtreo nach bhfacadar baill nochta a n‑athar.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Chonaic Hám, an té ónár shíolraigh Canán, a athair agus é nochta agus dúirt sé é lena bheirt dearthár lasmuigh.

Nuair a tháinig Naoi chuige féin ón meisce fhíona agus go bhfaca sé cad a rinne an mac a ba óige leis,

Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.

Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.

Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.

A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis.

Ná tabhair casaoid do sheanduine ach déan tathant air mar a dhéanfá ar d'athair. Déan le fir óga mar a dhéanfá le do dheartháireacha.

Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc,

Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí d'fhinnéithe.

Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.

Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí