Ansin thóg Séam agus Iáfat brat, chuir ar a slinneáin é, agus isteach leo i ndiaidh a gcúil agus d'fholaíodar baill nochta a n‑athar. Bhí a n‑aghaidh iompaithe uaidh i dtreo nach bhfacadar baill nochta a n‑athar.
An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.
Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana, agus a dhoirteann amach a chuid nimhe nó go mbíonn siad ar meisce aige le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht.
A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis.