Bíodh scéin agus eagla romhaibh ar na hainmhithe allta go léir, ar éanlaith an aeir go léir, ar gach a shníonn ar talamh, agus ar iasc na farraige go léir; faoi bhur lámha a cuireadh iad go léir.
Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.
Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.”
Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.”
Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t‑ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air.
Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.
Scaoilfidh mé ainmhithe allta fúibh, agus déanfaidh siad slad ar bhur leanaí agus creach ar bhur n‑eallach agus díothú ar bhur líon nó go mbeidh bhur mbóithre tréigthe.
Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.