Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 8:9

An Bíobla Naofa 1981

Ach ní bhfuair an colm aon áit ar a leagfadh sé a chos agus d'fhill sé ar ais air san áirc, mar bhí na huiscí ar uachtar na talún ar fad fós. Chuir [Naoi] a lámh amach, rug greim air agus thug ar ais isteach san áirc é.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Tar éis moill seacht lá eile ansin, scaoil sé an colm amach as an áirc arís.

Ansin scaoil sé colm uaidh amach féachaint ar thráigh na tuilte de dhroim na talún.

Glac do shuaimhneas arís, a anam liom, mar roinn an Tiarna go maith leat.

Cé hiad siúd ag seoladh leo ar nós na néalta, mar a bheadh colúir ag filleadh ar a gcró?

Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t‑iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.

“Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.

Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”

Ní bheidh suaimhneas i ndán duit i measc na gciníocha seo ná aon sos do bhonn do choise; fágfaidh an Tiarna suaitheadh ar do chroí, tuirse ar do shúile, agus gearranálaí ort.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí