Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 8:19

An Bíobla Naofa 1981

Agus na hainmhithe allta go léir, agus an t‑eallach go léir, an éanlaith go léir, agus na péisteanna go léir a shníonn ar talamh, amach leo as an áirc, cineál ar chineál.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.

Dúirt Dia: “Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.” Agus bhí sin amhlaidh.

Tháinig Naoi amach mar sin agus a chlann mhac, a bhean agus mná a mhac.

Agus rinne Naoi altóir don Tiarna, agus thoirbhir sé mar íobairt dhóite ar an altóir a rogha féin de na hainmhithe glana agus den éanlaith ghlan.

agus mar an gcéanna le gach uile dhúil bheo dá bhfuil faraibh, an éanlaith, an t‑eallach, agus gach ainmhí allta atá faraibh, a dtáinig amach as an áirc, a bhfuil beo ar talamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí