Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 8:12

An Bíobla Naofa 1981

D'fhan sé seacht lá eile, mar sin, agus scaoil an colm uaidh arís; agus níor fhill sé air a thuilleadh.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Tar éis moill seacht lá eile ansin, scaoil sé an colm amach as an áirc arís.

Agus d'fhill an colm ar ais air tráthnóna, agus féach! bhí craobh úr olóige ina ghob. Thuig Naoi ansin go raibh na huiscí tráite ón talamh.

Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna.

Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;

Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.

Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.

Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas.

Fágaigí na bailte, cuirigí fúibh sna creaga, a áitritheoirí Mhóáb. Foghlaimígí ón gcolm a dhéanann a nead i mbéal na haille.

Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí