Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 8:1

An Bíobla Naofa 1981

Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót.

Chuimhnigh an Tiarna ansin ar Ráchael mar an gcéanna; d'éist sé léi agus d'oscail sé a broinn.

agus mar an gcéanna le gach uile dhúil bheo dá bhfuil faraibh, an éanlaith, an t‑eallach, agus gach ainmhí allta atá faraibh, a dtáinig amach as an áirc, a bhfuil beo ar talamh.

Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá mbarr seo; ná scrios chun siúil an beart dúthrachta a rinne mé do Theampall mo Dhé agus dá liotúirge.

D'ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom.

Cuimhnigh orthu siúd, a Dhia liom, mar gur thruailligh siad an tsagartacht agus conradh na sagart agus na Léivíteach.

agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom.

Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc; Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh.

Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól! Agus mé a cheilt nó go dté d'fhearg thar bráid! Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm!

Óir ba chuimhin leis a bhriathar naofa a thug sé d'Abrahám, a ghiolla.

Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom, as ucht do ghrá do do phobal. Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;

Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn; beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.

Amhrán Oilithreach. 1 Cuimhnigh, a Thiarna, ar Dháiví, agus ar a bhfuair sé de dhua agus de dhochraide,

Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”

Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann. Tá an Tiarna ina rí go brách.

Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna, agus do dhílse na néalta. Tá d'fhíréantacht mar shléibhte Dé:

Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,

Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu. Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.

D'éist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób.

Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh, agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.

Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim! triomóidh mé do chuid sruthanna.”

[Triomach] dá foinsí; go dté siad i ndísc. Óir is í tír na n‑íol í; tá siad ar buile, iad féin agus a gcuid íol.

Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu.

Agus nach ceart trua a bheith agamsa do Nínivé, an chathair mhór sin, ina bhfuil breis agus céad is fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t‑olc gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá inti?”

Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.

Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.

Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipte agus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibh agus rachaidh an Níl ar fad i ndísc. Buailfear an t‑uabhar as an Asaír agus tógfar an ríshlat ón Éigipt.

“Nuair a rachaidh sibh chun cogaidh in bhur dtír féin in aghaidh namhad a bhíonn ag déanamh leatroim oraibh, ní foláir daoibh an trumpa a shéideadh leis an ngáir chatha: ‘Cuimhneofar oraibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus déanfar sibh a fhuascailt ó bhur naimhde!’

Dúirt aingeal an Tiarna leis: “Cad a b'áil leat ag bualadh d'asail trí huaire mar sin? Seo mise féin tagtha do do chosc mar is claon é do bhealach romham.

Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.

Óir shroich a cionta na flaithis agus thug Dia a héagóra chun cuimhne.

D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí